Eolas faoi N-Lex

Eolas faoi N-Lex

Priontáil an leathanach seo

Cad é N-Lex?

Is tairseach aonair atá ann chuig bunachair shonraí dlí náisiúnta na mBallstát.

Níl aon doiciméad in N-Lex féin. Ní bunachar sonraí atá ann, ach comhéadan atá éasca le húsáid a chuireann ar chumas an úsáideora bunachair shonraí náisiúnta a chuardach. Féach go bhfuil N-Lex go hiomlán i dtuilleamaí inneachar na mbunachar sin.

Cad is féidir a dhéanamh le N-Lex?

  • Gnáthchuardach a dhéanamh, is é sin bunachair shonraí a chuardach in aon Bhallstát ar leith nó bunachair níos mó ná tír amháin a chuardach le chéile
  • Doiciméid a fháil go díreach ó na bunachair shonraí sin
  • Cur síos a fháil ar a bhfuil i mbunachar sonraí gach tíre (dlí náisiúnta de chineálacha éagsúla) agus treoracha a fháil maidir le cuardaigh spriocdhírithe a dhéanamh
  • Doiciméid a aimsiú in aon cheann de theangacha an Aontais (úsáidtear an t-aistriúchán uathoibríoch chun cuardaigh a dhéanamh agus chun leathanach na dtorthaí cuardaigh a aistriú)

Cúlra

Déanann N-Lex comhlánú ar EUR-Lex, suíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh le haghaidh ionstraimí dlí, trí nasc a dhéanamh leis an dlí náisiúnta.

Is iad Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh agus rialtais na mBallstát a d'fhorbair an suíomh i gcomhpháirt le chéile.

Tíortha nach bhfuil san Aontas

Ar N-Lex tá naisc agus tuairiscí ar shuíomhanna gréasáin de chuid tíortha nach bhfuil san Aontas.