Cad é N-Lex?
Is tairseach aonair atá ann chuig bunachair shonraí dlí náisiúnta na
mBallstát.
Níl aon doiciméad in N-Lex féin. Ní bunachar sonraí atá ann, ach comhéadan atá éasca
le húsáid a chuireann ar chumas an úsáideora bunachair shonraí náisiúnta a chuardach. Féach go bhfuil N-Lex
go hiomlán i dtuilleamaí inneachar na mbunachar sin.
Cad is féidir a dhéanamh le N-Lex?
- Gnáthchuardach a dhéanamh, is é sin bunachair shonraí a chuardach in aon
Bhallstát ar leith nó bunachair níos mó ná tír amháin a chuardach le chéile
- Doiciméid a fháil go díreach ó na bunachair shonraí sin
- Cur síos a fháil ar a bhfuil i mbunachar sonraí gach tíre (dlí
náisiúnta de chineálacha éagsúla) agus treoracha a fháil maidir le cuardaigh spriocdhírithe a dhéanamh
- Doiciméid a aimsiú in aon cheann de theangacha an Aontais (úsáidtear
an t-aistriúchán uathoibríoch chun cuardaigh a dhéanamh agus chun leathanach na dtorthaí cuardaigh a
aistriú)
Cúlra
Déanann N-Lex comhlánú ar EUR-Lex, suíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh le haghaidh ionstraimí
dlí, trí nasc a dhéanamh leis an dlí náisiúnta.
Is iad Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh agus rialtais na mBallstát a d'fhorbair an suíomh
i gcomhpháirt le chéile.