Légifrance

Légifrance

Priontáil an leathanach seo

Legifrance Logo

Cur i láthair

Légifrance, sin an tseirbhís phoiblí chun eolas faoi dhlí na Fraince a dháileadh san idirlíon. Is ag ard-rúnaíocht an rialtais atá freagracht aisti.   Stiúrthóireacht na faisnéise dlí is riaracháin a bhainistíonn  í.

Tugann Légifrance rochtain ar: 

  • dhlí náisiúnta na Fraince (Bunreacht, cóid, téacsanna reachtacha is rialacha a fhoilsítear sa Journal officiel de la République française (Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince), comhchoinbhinsiúin agus feasacháin oifigiúla na ranna stáit);
  • chásdlí bunreachta, riaracháin is breithiúnach;
  • dhlí na hEorpa (téacsanna na gconarthaí Eorpacha, dlí díorthach a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, trascríobh na dtreoracha agus cásdlí);
  • dhlí idirnáisiúnta (conarthaí agus cásdlí).

Na téacsanna a foilsíodh sa Journal officiel de la République française ó 1990 i leith, is féidir an leagan iomlán díobh a fháil.    Do na hachtanna a foilsíodh idir 1947 is 1989, níl rochtain ach ar na tagairtí is ar fhacs. 

Ceadaíonn foirmeacha cuardaigh scrúdú a dhéanamh ar na bunachair sonraí éagsúla. Tá siad arna n-oiriúnú do na cinéalacha éagsúla achtanna is ar riachtanais na n-úsáideoirí (cuardach simplí, casta nó téamach). 

Achtanna dlí atá ar fáil

An dlí  

Is éard is reacht ann ná imshocrú dlíthiúl de raon ginearálta , ná fuil baint aige le duine amháin agus atá infheidhme ar chách. An Pharlaimint ((Assemblée nationale agus Sénat) a chaitheann vóta air, an t-uachtarán a fhógraíonn, agus foilsítear san Iris Oifigiúil.

Reachtanna

Reacht, sin acht rialach a cheadaíonn don rialtas, d'fhonn a chlár a chur i gcrích agus go ceann tréimhse teoranta, bearta a ghlacadh a bhaineann leis an dlí.   

Ní mór go n-údaródh dlí údarúcháin, ar ar vótáil an Pharlaimint, na reachtanna.  Nithe eisceachtúla is ea iad. Ní mór do Chomhairle na nAirí iad a ghlacadh agus d'Uachtarán na Poblachta iad a shíniú. Ní mór iad a thíolacadh don Pharlaimint d'fhonn a ndaingnithe agus ansin easamhlaítear le dlíthe iad. 

Foraitheanta

Foraitheanta, sin achtanna ginearálta nó indibhidiúla  (.i. a bhaineann le duine – ainmniú, m.sh. ) a fhógraíonn an chumhacht fheidhmiúcháin édictés (Uachtarán na Poblachta agus an Príomh-Aire).

Idirdhealaítear idir: Uath-fhoraitheanta, a ghlacann an Príomh-Aire laistigh de na teorainneacha a shainíonn an Bunreacht agus sna réimsí ná baineann le hinniúlacht Uachtarán na Poblachta, agus foraitheanta don chur chun feidhme, a ghlacann an Príomh-Aire freisin, is a shainíonn na coinníollacha chun dlíthe a chur chun feidhme. 

Fodhlíthe  

Ar tharmligean ón bPríomh-Aire, féadann airí, maoir agus méaraí rialacha a dhéanamh chun na coinníollacha chun dlí a chur chun feidhme a shainiú, ina gcuid réimsí inniúlachta faoi seach.  Fodhlíthe ó airí, idir airí, ó mhaoir, nó bardasacha a thugtar orthu.    

Cinntí  

Cinntí, sin achtanna rialaitheacha a thagann ó údaráis riaracháin neamhspleácha, amhail Coimisiún Náisiúnta na Faisnéise is na Saoirsí nó an tÚdarás um Chumarsáid Leictreonach is Poist a rialú. 

Breithniúcháin (Les délibérations)

Tugtar 'déliberation' ar an mbreithniúchán a dhéanann orgán tiomsaitheach sula nglacann sé cinneadh, agus ar thoradh an bhreithniúcháin sin, .i. ar an gcinneadh a ghlactar.  Tugann Légifrance rochtain ar bhreithniúcháin na n-údarás riaracháin neamhspleách.

Ciorcláin agus treoracha  

Níl aon luach rialaitheach ag na hachtanna seo.  Ní dhéanann siad ach treoracha a thabhairt do sheirbhísí riaracháin, go háirithe laistigh de ranna stáit, maidir le dlíthe is foraitheanta a chur chun feidhme, ó chun sainiú a dhéanamh ar an tslí ina gcuirfead forálacha áirithe chun feidhme.  Ní fhoilsítear san Iris Oifigiúil ach na cinn is tábhachtaí.

Staidéir ar thionchar agus tuarascálacha  

Sin cáipéisí ullmhúcháin a dhéanann ranna stáit éagsúla chun iad a chur faoi bhráid an Phríomh-Aire nó Uachtarán na Poblachta.

Foilsítear staidéir ar thionchair san aon am le dréacht-dhlíthe.  Ní mór dóibh bheith le chéile (faoi Alt 39 den Bhunreacht agus dlí riaracháin an 15 Aibreán 2009).

Bíonn tuarascálacha tíolactha i dteannta le téacsanna na bhforaitheanta is na n-orduithe a chuirtear faoi bhráid an Phríomh-Aire agus Uachtarán na Poblachta.

Tuairimí  

Sin téacsanna a eisítear tar éis dul i gcomhairle le duine nó le foras.  Tugann suíomh Légifrance rochtain ar thuairimí na ranna stáit éagsúla (m.sh. tuairim faoi fhad a chur le comh-choinbhinsiún) agus na n-údarás riaracháin neamhspleách. 

Foraitheanta-dhlíthe  

Bhíodh foraitheanta-dhlíthe i bhfeidhm ó 1924 go 1958. Achtanna rialaitheacha a bhíodh i gceist, a ghlacadh an rialtas ar údarú na Parlaiminte agus a chuirtí chuici lena ndaingniú, chun forálacha reachtacha a leasú nó a chealú.  Ó 1958, ghlac orduithe a n-ionad. 

Ballstáit an Aontais

Trí N-Lex, is féidir leat teacht ar bhunachair shonraí náisiúnta dlí na mBallstát.

Roghnaigh ceann de na tíortha thíos chun a cuid achtanna dlí a chuardach nó chun tuilleadh eolais a fháil faoina córas dlí.
Tíortha nach bhfuil san Aontas

Ar N-Lex tá naisc agus tuairiscí ar shuíomhanna gréasáin de chuid tíortha nach bhfuil san Aontas.