Dlí na Liotuáine

Dlí na Liotuáine

Priontáil an leathanach seo

Lietuvos Respublikos Seimas

Cur síos

Parlaimint

an Seimas ­ná Parlaimint na Liotuáine. Míníonn a suíomh gréasáin:

  • conas a fheidhmíonn sí
  • a stair
  • baill agus grúpálacha pholaitiúla
  • coistí agus coimisiúin
  • caidreamh poiblí agus idirnáisiúnta
  • rochtain ar dlíthe.

Dlí ar líne

Dlí na Liotuáine ar líne – téacs iomlándlíthe na Liotuáine, as Béarla, lena n-áirítear:

  • achtanna dlíthiúla a ghlac an Seimas agus a cuid fo-institiúidí, rialtas náisiúnta, bardais, cúirteanna, agus go leor institiúidí eile
  • Bunreacht na Liotuáine 1992
  • Cód Sibhialta & Cód Saothair

Ní minic a bhíonn aistrúcháin as Béarla ar chóid eile ar fáil, nó ar leasuithe is fíorlíonta.

Foilseacháin

  • Achtanna dlíthiúla ó 1993 ar aghaidh- foilsítear go hoifigiúil iad Valstybės žinios (Iris Oifigiúil).
  • Foilsíonn Teach Foilsitheoireachta an Seimas bailiúchán de dhoiciméid dhlíthiúla na Liotuáine – Lietuvos Respublikos Seimo dokumentų rinkinys (1991- ) – ar a n-áirítear bundlíthe, foraitheanta an Uachtaráin, agus rialuithe is breitheanna na Cúirte Bunreachtúla, agus achtanna neamhrialaitheacha an Seimas (m.sh. rúin) agus Rúin Bhord an Seimas.
  • Achtanna dlí ag rialáil gníomhaíochtaí bhanc na Liotuáine – a fhoilsíonn Banc na Liotuáine trí huaire sa bhliain agus atá ar fáil faoi láthair do shíntiúsóirí.

Sóirt dlí

  • Bunreacht (Lietuvos Respublikos Konstitucija) – lenar ghlac saoránaigh Phoblacht na Liouáine i Reifreann an 25 Deireadh Fómhair 1992; tháinig sí i bhfeidhm an 2 Samhain 1992.
  • Dlíthe Bunreachtúla (konstitucinis įstatymas)
  • Dlíthe (konstitucinis įstatymas)
  • Rúin (nutarimas) an Seimas (an Pharlaimint) agus an Rialtais (Vyriausybė)
  • Foraitheanta an Uachtaráin (konstitucinis įstatymas)
  • Orduithe/Achtanna (įsakymas, aktas, etc.) institiúidí rialtais eile agus údarás bardasacha.

I gCóras dlí na Liotuáine, bíonn formhór na ndlíthe reachtúil. Códaítear brainsí substainteacha an Dlí i gcóid.

Ballstáit an Aontais

Trí N-Lex, is féidir leat teacht ar bhunachair shonraí náisiúnta dlí na mBallstát.

Roghnaigh ceann de na tíortha thíos chun a cuid achtanna dlí a chuardach nó chun tuilleadh eolais a fháil faoina córas dlí.
Tíortha nach bhfuil san Aontas

Ar N-Lex tá naisc agus tuairiscí ar shuíomhanna gréasáin de chuid tíortha nach bhfuil san Aontas.