Journal officiel du Grand-Duché de Luxembourg

Journal officiel du Grand-Duché de Luxembourg

Priontáil an leathanach seo

/multisite/n-lex-migration/file/logoluxembourgfrjpg_enlogo_luxembourg_fr.jpg

Logo of the website of the Official Gazette of Luxembourg

Tuairisc

Soláthraíonn Journal officiel du Grand-Duché de Luxembourg, suíomh gréasáin oifigiúil dlí ar líne Lucsamburg, rochtain ar reachtaíocht náisiúnta a foilsíodh sna 3 shraith d'iris dlí Lucsamburg, Mémorial.

Tá an suíomh roinnte ina 3 chuid atá ar aon dul le 3 shraith Mémorial .

  • Reachtaíocht (Sraith A)
    Ionstraimí reachtacha agus rialála ó 1839 i leith.
    Doiciméid a foilsíodh faoin teideal “textes coordonnés” (leaganacha comhdhlúite reachtaíochta atá i bhfeidhm ina bhfoirm chódaithe nó choimre).
  • Riarachán (Sraith B)
    Ionstraimí riaracháin, ciorcláin, tuairimí agus liostaí ó 1996 i leith.
  • Cuideachtaí agus eagrais (Sraith C)
    Fógraí maidir le cuideachtaí, eagrais agus forais neamhbhrabúis ó 1996 i leith.
    Tagairtí do gach fógra éigeantach ó 1962 i leith maidir le cuideachtaí agus eagrais atá ag feidhmiú i Lucsamburg.

Gníomhartha dlí

Mémorial , sraith A

Ionstraimí reachtacha agus rialála (dlíthe, rialacháin aire agus rialacháin eile, etc.)

Textes coordonnés (téacsanna comhordaithe)

Leaganacha comhdlúite de reachtaíocht reatha lena n-áirítear cóid reachtacha agus tiomsú reachtach, sleachta ó Mémorial sraith A, coimrí reachtaíochta agus foilseachán eile.

Codes-lois (cóid reachtacha)

  • cód sibhialta
  • cód nós imeachta choiriúil
  • cód tráchtála
  • cód ar bhóithre
  • cód slándála sóisialta
  • cód nós imeachta shibhialta
  • cód saothair
  • cód coiriúil
  • cód nós imeachta shibhialta.

Codes-lois (tiomsuithe reachtacha)

  • cód riaracháin
  • cód comhshaoil
  • cód oideachais náisiúnta
  • cód sláinte
  • coimre dlíthe speisialta.

Daingníonn an tiomsú gach téacs reachtach agus rialála i réimse ar leith, ach níl sé údarásach: ní féidir é a úsáid sa chúirt.

Recueils de législation (coimrí reachtaíochta)

Bróisiúir ina bhfuil téacsanna comhdlúite reachtacha agus rialála agus réimse leathan cásdlíthe ar ábhair shonracha.

Autres publications (foilseacháin eile)

Foilseacháin a mhíníonn nósanna imeachta reachtacha agus rialála, an nós imeachta neamhchonspóideach riaracháin agus rialacháin a rialaíonn feidhmeannaigh stáit. Tá aistriúchán Béarla ar fáil, freisin, ar an "dlí a bhaineann le cuideachtaí tráchtála".

Ballstáit an Aontais

Trí N-Lex, is féidir leat teacht ar bhunachair shonraí náisiúnta dlí na mBallstát.

Roghnaigh ceann de na tíortha thíos chun a cuid achtanna dlí a chuardach nó chun tuilleadh eolais a fháil faoina córas dlí.
Tíortha nach bhfuil san Aontas

Ar N-Lex tá naisc agus tuairiscí ar shuíomhanna gréasáin de chuid tíortha nach bhfuil san Aontas.