Seoladh an tionscadal Normattiva i Márta 2010 chun ríomhairiú agus aicmiú ar fhorálacha réigiúnacha agus de chuid an Stáit atá i bhfeidhm ag córais riaracháin phoiblí a chur chun cinn, chun cuardaigh saor in aisce agus rochtain ar na forálacha sin a éascú do shaoránaigh agus chun ionstraimí maidir le hathbhreithniú reachtach a sholáthar, cúram atá faoi Oifig an Phríomh-Aire, Seanad na Poblachta agus Teach na dTeachtaí.
Is féidir na cáipéisí i mbunachar sonraí “Normattiva” a léamh i dtrí fhoirm:
Nuair a bheidh an bunachar sonraí curtha i gcrích go hiomlán, beidh corpas iomlán de dhlí an Stáit ar fáil ann i
bhfoirm gníomhartha uimhrithe (dlíthe, dlíthe foraitheanta, foraitheanta reachtacha agus gníomhartha uimhrithe
eile).
Tá thart ar 75 000 gníomh sa mbunachar faoi láthair, a glacadh sa bhliain 1946 nó ina dhiaidh sin.
Níl
foraitheanta aireachta sa bhunachar.
Tá an tionscadal fós ag an gcéim forbartha. Amach anseo: