Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

Lógó shuíomh gréasáin reachtaíochta na Laitvia “Latvijas Vēstnesis”

Cur síos

An suíomh gréasáinwww.vestnesis.lv, sin leagan leictreonach an “Latvijas Vēstnesis” – iris oifigiúil Phoblacht na Laitvia. Tá fáil ar an suíomh gréasáin www.vestnesis.lv ar líne ó 1995. Níl ach leagan páipéir na hirise oifigiúla atá ceangailteach, ámh.

Is ionann an chuideachta faoi dhliteanas teoranta a chothaíonn an suíomh gréasáin www.vestnesis.lv agus a fhoilsíonn an iris oifigiúil “Latvijas Vēstnesis”. Tá scaireanna sa chuideachta ag Aireacht Ceartais na Laitvia. Is ionann an fhaisnéis ar líne agus a bhfoilsítear ar leagan páipéir na hirise oifigiúla.

Mar ghar d'úsáideoirí, tíolactar faisnéis an tsuímh www.vestnesis.lv ina ceithre chatagóir:

  • Cáipéisí – achtanna dlí (dlíthe, rialacháin Comh-aireachta, rialacháin ceangailteacha rialtais áitiúil, breithiúnais na Cúirte Bunreachtúla, seirbhísí faisnéise na ranna stáit is na n-údarás poiblí eile, srl.) a eisíonn údaráis phoiblí Phoblacht na Laitvia (an Pharlaimint, an Chomh-aireacht, an Príomh-Aire, ranna stáit, forais riaracháin an stáit, an Chúirt Bhunreachtúil, bardais na gcathracha a bhfuil tábhacht náisiúnta leo, srl.)
  • Sa Saeima – faisnéis faoin Saeima (Parlaimint na Laitvia), ráitis, cláir, tras-scríbhinní seisiún, srl.
  • Faisnéis – faisnéis a fhoilsítear san iris oifigiúil faoi na cora is déanaí sa tír agus preas-eisiúintí na n-údarás stáit
  • Fógraí – faisnéis a fhoilsítear san iris oifigiúil faoi chlár na gcuideachtaí, fara fógraí dlí eile (m.sh. fógraí faoi chomharbas a oscailt, ghairmeacha cúirte, fhógraí do chreidiúnaithe, srl.).

Is iomaí rogha cuardaigh atá sa suíomh gréasáin www.vestnesis.lv – tá faisnéis inchuardaithe de réir dháta an fhoilsithe (ag úsáid chuairt cartlainne an fhéilire) nó trí chuardach casta, a chumasaíonn cuardach de réir critéar is teaglamaí éagsúla (faoi fhocal/fhocail i dtéacs cáipéisí nó i dteideal cáipéisí, faoin údarás a d'eisigh, faoi chineál is faoi uimhir cáipéise, faoi dháta foilsithe, faoi dháta chur i bhfeidhm, faoi stádas, srl.).

Foilsitheoir na hirise oifigiúla “Latvijas Vēstnesis”, cothaíonn sé an tairseach reachtaíochta www.likumi.lv, leis. Achtanna dlí a fhoilsítear san iris oifigiúil, cuirtear go córasach isteach sa bhunachar sonraí sin iad. Sa tairseach dlí, tá fáil saor in aisce ar achtanna dlí, idir bhuntéacsanna agus leaganacha comhdhlúite – leaganacha reatha, seanleaganacha (stairiúla) agus leaganacha a bhfuil athruithe iontu agus nach ndeachaigh i bhfeidhm fós (leaganacha don todhchaí). Sin é an bunachar sonraí is foinse do reachtaíocht na Laitvia ar shuiomh gréasáin N-Lex.

Uirlisí dlí

Latvijas Republikas Satversme – Bunreacht Phoblacht na Laitvia

Likums (Dlí) – acht a bhíonn ceangailteach de ghnáth agus a eisíonn an Saeima (Parlaimint na Laitvia)

Ministru kabineta noteikumi (Rialacháin comh-aireachta ) – acht a bhíonn ceangailteach de ghnáth agus a eisíonn rialtas na Laitvia ar bhonn an dlí.

Ministru kabineta rīkojums (ordú comh-aireachta ) – uirlis dhlí a eisíonn rialtas na Laitvia i réimsí ina mbíonn inniúlacht aige.