Is é lagrummet.se an tseirbhís phoiblí trína gcuirtear dlí na Sualainne ar fáil ar an Idirlíon. Tá sí faoi bhainistiú Riarachán Chúirteanna Náisiúnta na Sualainne (Domstolsverket). Foilsítear sraitheanna éagsúla ar an suíomh, ina gcuimsítear faisnéis reachtach ón rialtas, ón bparlaimint, ó na hardchúirteanna agus ó údaráis phoiblí.
Ar lagrummet.se faightear rochtain orthu seo a leanas:
Tá na téacsanna reachtacha uile a foilsíodh i gCód Reachtanna na Sualainne ó 1736 i leith ar fáil don phobal. Is féidir cuardach a dhéanamh sna bunachair shonraí reachtacha le maisc chuardaigh atá in oiriúint do na cineálacha éagsúla uirlisí agus do do shainriachtanais féin (saorthéacs agus sainchuardaigh).
Clár oifigiúil ionstraimí reachtacha: tugtar faisnéis (m.sh. an t-údarás freagrach, dáta teacht i bhfeidhm, réamhobair agus leasuithe) maidir le hionstraimí reachtacha agus rialaitheacha i gCód Reachtanna na Sualainne. Cuimsíonn an clár sin na hionstraimí uile a foilsíodh ó bhliain airgeadais 1985/86.
Reachtaíocht (téacsanna iomlána): cuimsítear leaganacha comhdhlúite na n-ionstraimí reachtacha agus rialaitheacha uile a foilsíodh i gCód Reachtanna na Sualainne ó 1736 i leith.
Cód Reachtanna na Sualainne: cuimsítear na hionstraimí reachtacha agus rialaitheacha (ó 1998) atá i gCód Reachtanna na Sualainne. Cuirtear na hionstraimí ar fáil mar a foilsíodh iad ar leagan páipéir (m.sh. i bhformáid PDF). Is féidir ionstraimí aisghairthe a aimsiú freisin.