Déanann Oifig na bhFoilseachán cothabháil ar an suíomh gréasáin seo chun breis feabhais a chur ar rochtain an phobail ar bhunachair sonraí dhlíthe náisiúnta thíortha an Aontais Eorpaigh. Cuireann an tairseach N-Lex ar chumas na saoránach rochtain a fháil ar bhunachair sonraí de na dlíthe náisiúnta atá i dtíortha an Aontais Eorpaigh agus na bunachair sin a chuardach ina dteanga féin. Féachaimid le faisnéis chruinn, cothrom le dáta a sholáthar faoi bhunachair sonraí gach tíre, agus faoi struchtúr agus inneachar na gcóras dlí atá ag na tíortha sin. Má chuirtear earráidí ar ár súile dúinn, déanaimid iarracht iad a cheartú. Mar sin féin, ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht ná aon dliteanas, de chineál ar bith, i leith na faisnéise atá ar an suíomh seo.
An fhaisnéis a gheofar ar an tairseach N-Lex:
is de chineál ginearálta amháin í nach bhfuil dírithe ar dhálaí sonracha
d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta
tá sí nasctha le suíomhanna seachtracha nach dtagann faoi rialú sheirbhísí Oifig na bhFoilseachán agus nach nglacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht ina leith
ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá inti (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le proifisiúnach cáilithe).
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach féidir barántas a thabhairt gur cóip chruinn de dhoiciméad a glacadh go hoifigiúil atá i ndoiciméad atá le fáil ar líne.
Tá sé mar chuspóir againn an méid a chuireann earráidí teicniúla isteach ar úsáideoirí a laghdú a mhéid is féidir. Mar sin féin, is ó fhoinsí seachtracha a fhaighimid cuid de na sonraí agus den fhaisnéis a chuirimis ar ár suíomh agus, dá réir sin, féadann earráidí a bheith sna comhaid nó sna formáidí inar cruthaíodh nó inar eagraíodh iad. Ní féidir linn barántas a thabhairt nach gcuirfidh fadhbanna den chineál sin isteach ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht i leith fadhbanna den sórt sin a tharlódh de thoradh an suíomh N-Lex nó aon suíomh seachtrach atá nasctha leis a bheith á n-úsáid.
Ní fhéadfar aon fhreagracht a chur i leith Oifig na bhFoilseachán maidir le faisnéis, tuairimí ná doiciméid sna bunachair oifigiúla de dhlíthe náisiúnta a bhfuil an suíomh gréasáin N-Lex nasctha leo, ná aon fhreagracht a chur ina leith i ndáil le hábharthacht na nasc sin, ná maidir le haon fhadhb eile a thiocfadh d’úsáid na mbunachar sonraí sin. Moltar duit an séanadh a léamh go críochnúil maille leis na téarmaí agus na coinníollacha úsáide is infheidhme maidir leis an mbunachar sonraí atá i gceist.
Níl sé beartaithe go gcuirfidh an séanadh seo teorainn le dliteanas Oifig na bhFoilseachán i gcás ina sárófar aon cheann de na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná chun dliteanas na hOifige a eisiamh i gcás ábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.