Aireacht Dlí agus Cirt na Cónaidhme (Bundesministerium der Justiz) agus Oifig Dlí agus Cirt na Cónaidhme (Bundesamt für Justiz), cuireann siad beagnach gach dlí cónaidhmeach de chuid na Gearmáine atá i bhfeidhm faoi láthair ar fáil ar líne, saor in aisce. Bíonn na leaganacha is déanaí de dhlíthe agus de rialacháin ar fáil, óir bíonn oifig na doiciméadachta in Oifig Dlí agus Cirt na Cónaidhme á dtabhairt cothrom chun dáta ar bhonn leanúnach. Ní leaganacha oifigiúla de na dlíthe iad na téacsanna atá ar fáil ar líne. Is sa leagan clóite d'Iris Oifigiúil Dlí na Cónaidhme (Bundesgesetzblatt), agus sa leagan sin amháin, atá teacht ar na leaganacha oifigiúla.
Is féidir téarmaí a chuardach i dteidil na ndlíthe agus sna téacsanna iomlána araon. Is féidir forléargas a fháil ar na dlíthe agus ar na rialacháin in ord aibítre freisin.
Tá fáil ar aistriúchán Béarla de go leor dlíthe tábhachtacha.
Lena chois sin, tá seirbhís feasacháin ar fáil a thaispeánann naisc chuig na forálacha nua uile a feidhmíodh le déanaí i gCuid I d'Iris Oifigiúil Dlí na Cónaidhme, ar feadh suas le sé mhí tar éis dháta a dteacht i bhfeidhm. Mar chuid den tseirbhís sin, cuirtear ar fáil téacsanna na leasuithe ar a bhfuil na leaganacha comhdhlúite de dhlíthe agus de rialacháin bunaithe. Thairis sin, is féidir liostáil don tseirbhís feasacháin chun í a fháil i bhfoirm fotha RSS.
Ar deireadh, tá naisc ann chuig bunachair sonraí eile ina bhfuil dlíthe na Länder, rialacháin riaracháin de chuid na n-údarás cónaidhmeach is airde sa Ghearmáin chomh maith le cinntí a rinne Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme, Cúirteanna Uachtaracha na Cónaidhme agus Cúirt Phaitinní na Cónaidhme.