Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

Lógó shuíomh gréasáin reachtaíochta Mhálta “Laws of Málta”

Tuairisc

Suíomh gréasáin DHLÍTHE MHÁLTA, sin ceann de na seirbhísí a chuireann an Aireacht Dlí agus Cirt ar fáil. Tugann an tseirbhís sin bailiúchán de Dhlíthe uile Mhálta le chéile, lena n-áirítear an Bunreacht, An tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, 1980 agus foreachtaíocht.

Is féidir teacht orthu anseo: url.

Ionstraimí dlí

Soláthraíonn DLÍTHE MHÁLTA ar líne, i bhformáid pdf, na seirbhísí seo a leanas go príomha:

  • Caibidlí uile Dhlíthe Mhálta, lena n-áirítear Bunreacht Mhálta agus an tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, 1980;
  • Foreachtaíocht arna déanamh faoi chaibidlí Dhlíthe Mhálta lena n-áirítear foreachtaíocht arna déanamh faoi Bhunreacht Mhálta; agus
  • Innéacsanna croineolaíocha agus anailíseacha don reachtaíocht ar fad.

Cuirtear san áireamh sa tseirbhís sin an phríomhreachtaíocht agus an fhoreachtaíocht ar fad atá i bhfeidhm faoi láthair a nuashonraítear le leasuithe go rialta agus reachtaíocht nua arna formheas ag Teach na nIonadaithe. Chun críocha dhlí Mhálta, meastar gurb é sin an leagan oifigiúil údaraithe de Dhlíthe Mhálta, ach, tá sé faoi réir fhorálacha airteagal 11A(4) den Acht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, 1980.

Déantar leasuithe ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair arna formheas ag Teach na nIonadaithe a chomhtháthú sa bhuntéacs, A LUAITHE A THAGANN SIAD I bhFEIDM, ionas gurb é an téacs a thaispeántar leagan reatha na reachtaíochta.