Faoin mbunachar sonraí náisiúnta
Cur síos
Is féidir teacht ar an mBunachar sonraí dlí ar líne (Córas
Idirlín na nAchtanna Dlí – ISAP) ar leathanach gréasáin an Sejm (seomra íochtarach Pharlaimint na Polainne).
Tugann sé rochtain ar théacsanna d'achtanna dlí (a uasdátaítear go rialta) atá foilsithe in Iris Oifigiúil
Dhlíthe Phoblacht na Polainne (Dziennik Ustaw) nó in Monitor Polski, maille lena bhfógraí bibleagrafacha.
Ní thugann ISAP rochtain, áfach, ar dhlí an rialtais áitúil ná ar dhlí inmheánach. Ón 1 Eanáir 2012, tá fáil ar
an Iris Ofigiúil agus ar Monitor
Polski i leagan leictreonach.
Foilsítear na hachtanna dlí – na téacsanna fógartha agus na téacsanna comhdhlúite – mar chomhaid
PDF i mbunachar sonraí ISAP. Is iad na hachtanna dlí a fhoilsítear san Iris Oifigiúil agus in Monitor Polski
amháin atá ina bhfoinse dhlisteanach dlí sa Pholainn. Is chun críocha faisnéise amháin, dá bhrí sin, na
leaganacha leictreonacha de na hachtanna dlí a fhaightear sa bhunachar. Níl na foilseacháin sin ina bhfoinse
dhlisteanach dlí sa Pholainn.
Ionstraimí dlí
Tá foinsí dlí na Polainne roinnte in dhá chatagóir, i.e. dlí atá ceangailteach go huilíoch agus dlí
inmheánach.
- Ar an dlí atá ceangailteach go huilíoch tá:
- Bunreacht an 2 Aibreán 1997 – ard-dlí na Polainne (is féidir an leagan Béarla a aimsiú ar
leathanach gréasáin an Sejm)
- comhaontuithe idirnáisiúnta daingnithe
- reachtanna (ustawa) – foinse bhunúsach de dhlí na Polainne a ritheadh sa Sejm
- rialacháin (rozporządzenie) – achtanna feidhmiúcháin arna rith ag comhlachtaí údaraithe na
reachtanna (m.sh. an tUachtarán, an Príomh-Aire, Comhairle na nAirí, airí agus an Chomhairle
Náisiúnta Craoltóireachta)
- dlí an rialtais áitiúil – dlí arna rith sa rialtas áitiúil faoi chumhacht na bhforálacha agus faoi
chuimsiú na dteorainneacha atá forordaithe sna reachtanna; ní bheidh faoi chuimsiú a mbrí
ceangailteach ach an chríoch atá faoi dhlínse an rialtais áitiúil
- An dlí inmheánach, m.sh. rialacháin ó Chomhairle na nAirí (uchwała Rady Ministrów), orduithe
ón Uachtarán (rozporządzenie Prezydenta), orduithe ón bPríomh-Aire (zarządzenie Prezesa Rady
Ministrów) – achtanna de chineál inmheánach; níltear de cheangal ach ar na haonaid eagrúcháin atá
faoi réir an údaráis eisiúna.