Faoin mbunachar sonraí náisiúnta
Cur síos
Leis an tairseach seo is féidir le gairmithe dlí agus an pobal i gcoitinne
rochtain leictreonach a fháil ar an dlí atá i bhfeidhm agus ar an eolas ábhartha go léir atá ann maidir leis an dlí.
Is féidir le reachtóirí teacht ar uirlisí éifeachtacha reachtacha freisin.
Tugann an tairseach deis don phobal eolas a chur ar na billí reachtacha atá á bplé agus páirt ghníomhach a ghlacadh
sa bpróiseas reachtóireachta trí leas a bhaint as uirlisí tráchtaireachta na tairsí. Ar cheann de na buntáistí is mó
atá ag an gcóras, tá go bhfoilsítear na leaganacha éagsúla de na hachtanna dlí. Fágann sin gur féidir le húsáideoirí
eolas a chur ar na hathruithe agus na leasuithe éagsúla a rinneadh ar phíosa reachtaíochta. Fágann an córas seo
freisin gur féidir le duine inneachar achta sna foirmeacha éagsúla leasaithe de a fheiceáil ar an scáileán, a
phriontáil nó a phróiseáil.
Ionstraimí dlí
Seo a leanas na codanna atá sa tairseach:
- Bailiúchán leictreonach – leagan leictreonach de Chorpas Dlí Phoblacht na Slóvaice ina bhfuil
leaganacha PDF de na hachtanna dlí a bhfuil síniú leictreonach ag dul leo; tá cartlann ann freisin ina bhfuil
comhad comhdhlúite de Chorpas Dlí Phoblacht na Slóvaice ón mbliain 1918 go dtí an lá inniu
- Reachtaíocht leictreonach – is é is príomhfheidhm leis an gcuid seo den tairseach rochtain ar
an bpróiseas reachtóireachta a thabhairt d’úsáideoirí feadh na gcéimeanna uile den phróiseas, ó ullmhú an bhille
go foilsiú an achta i gCorpas Dlí Phoblacht na Slóvaice
- Teasáras Dlí na Slóvaice – foclóir de théarmaí dlí a úsáidtear i gcóras dlí Phoblacht na
Slóvaice
- Dlí AE – áis lenar féidir le húsáideoirí reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chuardach nó a
bhrabhsáil
- Rialacháin cur chun feidhme – bearta a achtaíodh sna haireachtaí agus i lároifigí eile den
chóras riaracháin phoiblí
- Bailiúcháin de réir Roinne – bailiúcháin a d’eisigh aireachtaí áirithe
- Cásdlí Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Slóvaice agus Chúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice
- Breithiúnais agus cinntí a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
- Cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- Cinntí chúirteanna ginearálta na Slóvaice