Is tairseach don phobal chuig reachtaíocht na Beilge ar líne é suíomh gréasáin an Moniteur belge. Is féidir rochtain dhíreach a fháil ar an Moniteur belge (Iris Oifigiúil na Beilge) agus ar bhailiúchán reachtaíochta comhdhlúite agus ar innéacs. Tríd an suíomh seo tá rochtain ar reachtaíocht chónaidhmeach, ar reachtaíocht na bPobal (an pobal Pléimeannach, pobal na bhFrainciseoirí agus pobal na nGearmáiniseoirí) agus ar reachtaíocht na Réigiún (an Vallúin, Flóndras agus Réigiún na Bruiséile) atá sa chónaidhm. Is í an Aireacht Chónaidhmeach Dlí agus Cirt [Service public fédéral de la justice – SPF Justice] a dhéanann an suíomh a bhainistiú.
Is féidir reachtaíocht na Beilge a cheadú sa bhunleagan a foilsíodh sa Moniteur belge (Iris Oifigiúil) nó sa leagan den reachtaíocht chomhdhlúite atá curtha ar fáil ag Justel, seirbhís faisnéise dlíthiúla ar cuid den Moniteur belge í. Ó 2003 i leith, is i bhformáid leictreonach amháin a chuirtear an reachtaíocht a fhoilsítear gach lá sa Moniteur belge ar fáil, agus, ón dáta sin ar aghaidh, is é an leagan PDF de théacsanna a foilsíodh san Iris Oifigiúil an t-aon leagan oifigiúil amháin.
Ar shuíomh gréasáin an Moniteur belge tá rochtain ar an leagan leictreonach den Moniteur belge don lá i gceist (achoimrí agus téacsanna iomlána) agus ar eagráin roimhe sin chomh fada siar le Meitheamh 1997. Is í dtrí theanga oifigiúla na Beilge a fhoilsítear an Moniteur: Fraincis agus Ollainnis (gach rud) agus Gearmáinis (codanna).
Is foilseachán leictreonach laethúil é an Moniteur belge. Tá príomhchorp an fhoilseacháin roinnte de réir bliana, agus bíonn iarscríbhinn ann ina bhfuil achtanna a bhaineann le heintitis dhlíthiúla (gnólachtaí agus comhlachais) (a fhoilsítear gach lá) agus cuntais bhliantúla gnólachtaí (nach bhfoilsítear ach ar an Luan).
Sa bhunachar sonraí seo tá rochtain ar leaganacha comhdhlúite cothrom le dáta den reachtaíocht go léir a foilsíodh sa Moniteur belge. Seans nach mbeidh leagan iomlán de théacsanna áirithe a foilsíodh roimh 1995 agus atá fós i bhfeidhm ar fáil, áfach.
Sa bhailiúchán seo tá dhá bhunachar sonraí (innéacs ar an reachtaíocht agus bunachar sonraí de na téacsanna iomlána), agus is féidir iad a cheadú le haon chomhéadan amháin. Ar an gcaoi sin, cuirtear faisnéis ón dá bhunachar i láthair ar bhealach comhtháite. Dá bhrí sin, is féidir na leasuithe a liostaítear mar thagairtí sa bhunachar den innéacs ar an reachtaíocht a cheadú in éineacht leis an leagan iomlán de théacs, i dtábla a thugtar cothrom le dáta gach lá (L+1). Fágann sin gur féidir le húsáideoirí cliceáil ar na hipearnaisc sa Moniteur belge le fáil amach faoi na leasuithe is déanaí a foilsíodh san Iris Oifigiúil an lá roimhe.
Is é an Bunreacht an pointe tagartha is uachtaraí do reachtaíocht náisiúnta na Beilge. Rialaíonn sé scaradh cumhachtaí agus an chaoi ina ndéantar cumhachtaí a fheidhmiú. Tá bunluachanna na sochaí agus cearta bunúsacha na saoránach leagtha amach ann chomh maith.
I mbreithiúnas a d'eisigh sí an 27 Bealtaine 1971, rialaigh an Cour de Cassation forlámhas a bheith ag ionstraimí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta thar ionstraimí náisiúnta, an Bunreacht san áireamh. Dá mbeadh Rialachán AE ag teacht salach ar an mBunreacht, is ag an Rialachán a bheadh an forlámhas.
Faoin mBunreacht, in ord íslitheach, tá: