Om den nationale database

Logo for det ungarske lovgivningswebsite

Tuairisc

Sa bhailiúchán de reachtaíocht na Cróite, tá gníomhartha dlíthiúla a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht na Cróite, Narodne novine, agus gníomhartha a glacadh roimh neamhspleáchas na Cróite, a foilsíodh in irisí oifigiúla na stát a bhí ann roimhe sin agus ar gníomhartha iad a bhí i bhfeidhm in 2007 nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas chun iad a dhigitiú. Tá gníomhartha dlíthiúla agus polaitiúla eile sa bhailiúchán freisin, mar shampla rúin agus dearbhuithe Pharlaimint na Cróite, straitéisí náisiúnta, buiséid bhliantúla stáit, tuarascálacha a bhaineann le réimse na n-údarás áitiúil, maille lena reachtanna, más rud é gur foilsíodh iad san Iris Oifigiúil, Narodne novine.

Is í an Lároifig Stáit um Fhorbraíocht na Sochaí Digití a bhainistíonn an bailiúchán mar chuid de Lárchatalóg Dhoiciméid Oifigiúla Phoblacht na Cróite (http://www.digured.hr/).

An reachtaíocht atá le fáil tríd an tseirbhís ar líne, is chun críche faisnéise amháin é. Níl stádas dlí ach ag na gníomhartha atá foilsithe sa leagan clóite den Iris Oifigiúil, Narodne novine.

Foinsí dlí i bPoblacht na Cróite

  • Is é an Bunreacht (Ustav) an gníomh dlíthiúil a bhfuil an stádas dlíthiúil is airde aige.
  • Comhaontuithe idirnáisiúnta – i gcomhréir leis an mBunreacht, an dlí agus rialacha an dlí idirnáisiúnta, is ar Uachtarán Phoblacht na Cróite agus ar uachtarán Rialtas Phoblacht na Cróite atá an cúram comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh, ag brath ar an gcineál comhaontaithe idirnáisiúnta atá ann agus an t-ábhar lena mbaineann sé. Na comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích i gcomhréir leis an mBunreacht, arna bhformheas ag Parlaimint na Cróite agus arna bhfoilsiú ina dhiaidh sin, is cuid dhílis d'ord dlíthiúil na Poblachta iad agus is airde a stádas dlí ná dlí na tíre.
  • Dlíthe (zakoni), seo gníomhartha dlíthiúla ginearálta arna nglacadh ag Parlaimint na Cróite i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Bhunreacht. Sular féidir leo teacht i bhfeidhm, is gá iad a fhoilsiú san Iris Oifigiúil Narodne novine agus is ar an ochtú lá i ndiaidh lá a bhfoilsithe a thagann siad i bhfeidhm de ghnáth.
  • Fodhlíthe (podzakonski akti), seo gníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag na húdaráis phoiblí. Is lú a stádas dlí ná stádas an Bhunreachta agus an dlí. Glactar iad faoi údarú speisialta a chuimsítear i reachtaíocht is airde nó chun críche prionsabail a ndéantar foráil dóibh i reachtaíocht is airde a chur chun feidhme. San áireamh sna fodhlíthe tá foraithní rialtais, rialacha airí, cinntí agus orduithe.
  • Cinntí na Cúirte Bunreachtúla maidir leis an dlí a bheith ag teacht leis an mBunreacht agus maidir le gníomhartha dlíthiúla eile a bheith ag teacht leis an mBunreacht agus leis an dlí.