Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

Lógó shuíomh gréasáin reachtaíochta na hUngáire “Nemzeti Jogszabalytar”

Tá feidhm chuardaigh ar shuíomh gréasáin an Bhunachair Náisiúnta Reachtaíochta (http://njt.hu) agus tá teacht saor in aisce ag an bpobal air d’fhonn rochtain ar reachtaíocht na hUngáire a éascú.

Is é Magyar Közlöny Lap- és Könyvkiadó Kft (Foilsitheoir Iris Oifigiúil na hUngáire) a sholáthraíonn ábhar agus seirbhísí an Bhunachair Náisiúnta Reachtaíochta.

aistriúcháin Bhéarla ar dhlíthe áirithe a thogh an tAire Ceartais, tá sin ar fáil sa Bhunachar Náisiúnta Reachtaíochta freisin.

Tá fáil in Ungáiris agus i mBéarla i mbunachar téarmaíochta Aireacht Ceartais na hUngáire ar na príomhthéarmaí a úsáidtear i reachtaíocht na hUngáire.

Dlíthe agus ionstraimí rialála an dlí phoiblí – na príomhchineálacha:

Alaptörvény (dlí bunúsach): is é seo an cineál is airde gnímh reachtaigh i gcóras dlí na hUngáire, agus leagtar síos leis cearta bunúsacha agus oibleagáidí na saoránach, agus bunaítear leis na príomhrialacha maidir le struchtúr an stáit. Ní féidir aon ní i ngníomh reachtach ar bith eile teacht salach ar dhlí bunúsach.

Törvény (acht): is é seo an dara cineál is airde gnímh reachtaigh; na cearta agus na hoibleagáidí a rialaítear le hachtanna, leagtar síos le dlí bunúsach iad. Is é an Tionól Náisiúnta amháin ar féidir leis achtanna a ghlacadh, a leasú nó a aisghairm.

Rendelet (foraithne): is dlí é seo atá bunaithe ar ghníomhartha reachtacha is airde ná é, nó lena bhforghníomhaítear gníomhartha reachtaigh is airde ná é. Tá feidhm dlí ag foraitheanta de bhrí gur le húdarás a thagann as dlíthe is airde ná iad a ghlactar iad.

Határozat (cinneadh): is ionstraim rialála de chuid an dlí phoiblí é seo a ghlacann foras stáit, e.g. an Tionól Náisiúnta, an Rialtas, comhlacht coláisteach eile de chuid an riaracháin stáit láir, nó rialtas áitiúil, agus lena rialaíltear eagar, oibriú, gníomhaíochtaí agus pleananna gníomhaíochtaí na bhforas sin.

Utasítás (treoir): is ionstraim rialála de chuid an dlí phoiblí é seo, a eisíonn cinn eagraíochtaí riaracháin i bhforais éagsúla, e.g. an Tionól Náisiúnta, aireachtaí, comhlachtaí rialála neamhspleácha. Tá treoracha reachtacha ina gceangal ar fhoireann an fhorais lena mbaineann siad.