Beartas maidir le fianáin

Beartas maidir le fianáin

Chun go n-oibreoidh suíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán i gceart, cuirimid, ó am go ham, comhaid bheaga sonraí ar a dtugtar ‘fianáin’ ar do ghléas.

Cad is fianáin ann?

Is comhad beag téacs é an fianán. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin, sábhálann an suíomh gréasáin an fianán ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste. Leis an bhfianán, is féidir leis an suíomh gréasáin an méid a rinne tú ar an suíomh agus do shainroghanna (pasfhocal, teanga, clómhéid agus sainroghanna eile taispeána, mar shampla) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, le nach mbeidh ortsa iad a iontráil gach uair a fhillfidh tú ar an suíomh nó gach uair a rachaidh tú ag brabhsáil ó leathanach go leathanach.

  • Is éard is fianáin chéadpháirtí ann fianáin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní fhéadann ach an suíomh gréasáin sin na fianáin sin a léamh. Ina theannta sin, féadfaidh suíomh gréasáin seirbhísí seachtracha a úsáid, agus féadfaidh na seirbhísí sin a bhfianáin féin, ar a dtugtar fianáin tríú páirtí, a shocrú freisin.
  • Is éard is fianáin rianaithe ann fianáin a shábháiltear ar do ríomhaire ach nach ndéantar a scriosadh go huathoibríoch ar do bhrabhsálaí nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí, murab ionann agus fianán neamhbhuan, fianán a dhéantar a scriosadh nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.

Gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán, iarrtar ort fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú.

Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna.

An chaoi a n-úsáidimid fianáin

Is 'fianáin chéadpháirtí' a úsáideann suíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán den chuid is mó. Is fianáin iad sin a shocraíonn agus a rialaíonn Oifig na bhFoilseachán, agus nach rialaíonn aon eagraíocht sheachtrach.

Chun amharc ar roinnt dár gcuid leathanach, áfach, beidh ort glacadh le fianáin ó eagraíochtaí seachtracha.

Is féidir leat na fianáin sin a scriosadh nó a bhlocáil, ach má dhéanann tú sin b'fhéidir nach n-oibreodh roinnt gnéithe ar an suíomh mar ba cheart. Seo an t-eolas a choinnítear i gcuimhne leis na fianáin sin:

  • do shainroghanna taispeána – an teanga bhrabhsála, an dath codarsnachta, an chlómhéid, an gléas a d'úsáid tú, sainroghanna na dtorthaí cuardaigh agus sainroghanna fógraí, mar shampla;
  • an chuairt dheireanach a thug tú ar an suíomh (coinnítear seo le haghaidh staitisticí) agus na trí leathanach dheireanacha ar thug tú cuairt orthu (eolas a bheidh ina chabhair ag an Deasc Chabhrach má bhíonn orthu iarratas uait a fhreagairt);
  • cé acu a d'aontaigh tú nó nár aontaigh tú leis an úsáid a bhainimid as fianáin ar an suíomh seo.
  • Sainroghanna cuairteoirí

Is muidne a shocraíonn iad sin agus ní féidir ach linn féin iad a léamh. Leis na sainroghanna sin cuimhnítear ar cé acu a ghlac tú le beartas fianáin an tsuímh seo nó a dhiúltaigh tú dó.

  • Fianáin oibríochtúla

Bíonn roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur ag obair le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Go háirithe, fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe.

Fianáin theicniúla

  • Fianáin anailísíochta

Is le haghaidh taighde inmheánach, agus lena aghaidh sin amháin, a úsáidimid iad agus an taighde sin dírithe ar an dóigh chun feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí go léir.

Ní dhéanann na fianáin seo ach an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir anaithnid (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút thú a shainaithint go pearsanta).

Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach le hOifig na bhFoilseachán.

Mar sin féin, beidh sé de rogha agat na cineálacha sin fianán a dhiúltú – gheobhaidh tú an deis sin ar an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtabharfaidh tú cuairt.

  • Fianáin tríú páirtí

Taispeántar inneachar ó shuíomhanna gréasáin náisiúnta ar fhormhór na leathanach.

Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí seo, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha ar dtús. Áirítear leis sin a mbeartais fianáin, beartais nach bhfuil aon smacht againn orthu.

Ach mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáiltear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas.

Soláthraithe tríú páirtí ar shuíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán

Bíonn na seirbhísí tríú páirtí sin saor ó rialú Oifig na bhFoilseachán. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, srl. a athrú ag am ar bith.

Sonraí príobháideacha

Ní bhaintear leas as an eolas a bhaineann le fianáin chun tú a aithint go pearsanta agus is faoinár rialú féin go hiomlán atá na sonraí patrúin. Ní bhaintear aon úsáid eile as na fianáin sin seachas an úsáid a bhfuil cur síos déanta uirthi anseo.

An dóigh a bhféadfaidh tú bainistiú a dhéanamh ar na fianáin

Is féidir leat fianáin a bhainistiú nó a scriosadh de réir mar is mian leat – gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi sin ag aboutcookies.org.

Fianáin a bhaint de do ghléas

Is féidir leat na fianáin go léir atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Glanfaidh sé sin na fianáin go léir de na suíomhanna gréasáin go léir ar ar thug tú cuairt.

Bíodh a fhios agat, áfach, go bhféadfá roinnt faisnéise a sábháladh a chailliúint (sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh, mar shampla).

Bainistiú a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh

Chun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh, seiceáil na socruithe príobháideachais agus fianáin i do bhrabhsálaí sainroghnaithe

Fianáin a bhlocáil

Is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú ionas go gcuirfear bac ar fhianáin a chur ar do ghléas, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú gach uair a thabharfaidh tú cuairt ar shuíomh/leathanach. Agus tharlódh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí go cuí ar chor ar bith (logáil isteach ar phróifíl, mar shampla).