Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

Lógó shuíomh gréasáin reachtaíochta na Bulgáire “Държавен вестник”

Tugtar an Iris Stáit ar iris oifigiúil Rialtas na Bulgáire.

Tig leat teacht ar an inneachar uile ó eagráin uile Iris Stáit na Bulgáire le 7 mbliana anuas i bhformáid PDF ar an suíomh gréasáin seo. Tá an suíomh ar oscailt don phobal, agus tá sé saor in aisce.

Dhá roinn (oifigiúil agus neamhoifigiúil) atá san Iris Stáit.

  • Sa chéad cheann tá na doiciméid uile ó institiúidí oifigiúla amhail an Rialtas, Tionól Náisiúnta na Bulgáire, an Chúirt Bhunreachtúil, srl: dlíthe, cinntí, dearbhuithe, rialacháin, srl.
  • Sa chuid neamhoifigiúil tá cinntí agus orduithe ó gach roinn rialtais agus gach bardas, a bhaineann le roinnt mhaith dá gcuid gníomhaíochtaí. Fairis sin, is ansin a fhoilsítear a lán fógraí ó chuideachtaí a bhaineann le roinnt ócáidí amhail a mbunú nó cinneadh chun iad a dhúnadh.

Foilsítear na doiciméid oifigiúla san Iris Stáit tar éis do Thionól Náisiúnta na Bulgáire vótáil orthu, agus is sa tslí a vótáladh orthu a fhoilsítear iad. Dá bhrí sin, ar an drochuair, ní bhíonn téacsanna iomlána dhlíthe na Bulgáire san Iris Stáit, ach eagráin agus ceartúcháin ar dhoiciméid oifigiúla, den chuid is mó, a bhíonn inti. Sin an fáth gur faisnéis faoi athruithe i bpáipéir reachtacha is mó a thugtar in aon chuardach ina bunachar sonraí, agus ní liosta iomlán na ndlíthe atá i bhfeidhm.