Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

Lógó shuíomh gréasáin reachtaíochta na Spáinne “BOE”

Cur síos

Comhlacht poiblí is ea oifig an Boletín Oficial del Estado (BOE, Feasachán Oifigiúil an Stáit) atá mar chuid de Ministerio de la Presidencia (an roinn rialtais a bhfuil freagracht as eagrú is as feidhmiú ginearálta an Stáit uirthi). Tá dualgas uirthi an Iris Oifigiúil a chur in eagar, a chló, a dháileadh agus a dhíol. Aici sin atá an inniúlacht chun dlíthe agus gníomhartha poiblí a fhoilsiú is a scaipeadh, nuair is gá é sin a dhéanamh.

Fairis sin, déanann an oifig an bunachar sonraí Iberlex a chothabháil, ina bhfuil reachtaíocht náisiúnta na Spáinne, fara reachtaíocht chomhphobail uathrialaitheach na Spáinne, a foilsíodh sa Boletín Oficial del Estado, ó 1960, ar aon dul leis an reachtaíocht Eorpach atá i bhfeidhm sa Spáinn, a fholisítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó 1952.

An bunachar sin foinse reachtaíocht na Spáinne in N-Lex.

Gníomhartha dlí

Bunreacht 1978 (La Constitución del 1978): an dlí is airde i gcóras dlí na Spáinne.

Dlíthe (la ley) agus gníomhartha reachtaíochta

Trí chineál dlíthe atá i gcóras reachtaíochta na Spáinne:

Dlíthe cur chun feidhme (Leyes organicas): dlíthe chun bunchearta agus saoirsí poiblí a chur chun feidhme, agus chun regníomhartha an gcomhphobal uathrialaitheach, agus an córas ginearálta toghcháin, a fhormheas;

Dlíthe (Leyes): dlíthe a ghlac an Pharlaimint i seisiún iomlánach trí thromlach simplí agus ná baineann le nithe a chlúdaíonn dlí cur chun feidhme.

Foraithní-dlíthe ríoga (Reales Decretos-Leyes): Gníomhartha a ghlac an rialtas i gcúinsí eisceachtúla is in éigeandálaí. Ní thig lena leithéid de ghníomh baint le feidhmiú na bhforas is tábhachtaí sa Stát, le cearta, dualgais is le saoisí na saoránach , ná le córas ginearálta na dtoghchán;

Foraithní-dlíthe ríoga (Reales Decretos-Leyes): Tig le Parlaimint na Spáinne an rialtas a údarú chun gníomhartha reachtaíochta a ghlacadh atá an-chasta go teicniúil agus atá lasmuigh de dhlínse an dlí cur chun feidhme.

Tá na dlíthe sin ar aon stádas le dlíthe na parlaiminte náisiúnta ach níl siad i bhfeidhm ach sa réigiún lena mbaineann. Níl aon difríocht ordlathais, ach tá difríocht inniúlachta, idir dlíthe náisiúnta agus dlíthe pharlaimintí na gcomhphobal uathrialaitheach. Tá inniúlachtaí reachtaíochta difriúla ag gach comhphobal uathrialaitheach, is tá cur síos orthu sa reacht uathrialach lena mbaineann.

  • Dlíthe a ghlac an Pharlaimint Náisiúnta
  • Gníomhartha a ghlac an rialtas:
  • Dlíthe a ghlac parlaimintí na gcomhphobal uathrialaitheach:

An rialachán (El reglamento)

Tig leis an rialtas láir, le rialtais na gcomhphobal uathrialaitheach, nó leis an riarachán rialacháin a ghlacadh. Is feidhm dóibh dlí a chur chun feichme, a fhorbairt nó a iomlánú. Is iad seo na rialacháin is tábhachtaí i gcóras dlí na Spáinne: foraithní ríoga, cinntí ó airí (órdenes ministeriales), rúin, orduithe agus ciorcláin.