Tá an tAontas Eorpach tiomanta príobháideachas an úsáideora a chosaint. An beartas maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí an Aontais, tá sé bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Aon uair a chuirfidh tú teachtaireacht ríomhphoist nó iarratas chuig an Deasc Chabhrach, déanfar a laghad próiseála ar do shonraí pearsanta agus is gá chun freagra a thabhairt ort. Mura féidir leis an bhfoireann bainistíochta atá i bhfeighil an bhosca ríomhphoist do cheist a fhreagairt, cuirfear do ríomhphost ar aghaidh chuig seirbhís eile. Cuirfear in iúl duit, le ríomhphost, cá háit ar seoladh do cheist.
Má bhíonn aon cheist agat maidir le próiseáil do ríomhphoist agus na sonraí pearsanta a bhaineann leis, ná bíodh aon drogall ort do cheist a lua i do theachtaireacht.
Tá próiseáil sonraí pearsanta ag ár nDeasc Chabhrach cumhdaithe ag ráiteas príobháideachais agus tugadh fógra maidir leis an bpróiseáil shonrach sin d’Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh agus an uimhir thagartha DPR-EC-00493 ag gabháil leis. Foilsíodh é chomh maith i gclár na n-oibríochtaí ar fad lena ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Is féidir teacht ar an ráiteas príobháideachais iomlán anseo: https://op.europa.eu/en/web/about-us/legal-notices/helpdesk.
Má tá aon rud ba mhaith leat a lua, nó má bhíonn ceist, údar imní nó gearán agat, ná bíodh aon leisce ortteagmháil a dhéanamh linn; seo thíos na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: eurlex-helpdesk@publications.europa.eu.