Sa retsinformation.dk tá reachtanna uile na Danmhairge agus rialacha eile (orduithe feidhmiúcháin, ciorcláin, srl.) a d’eisigh ranna rialtais is gníomhaireachtaí de chuid rialtais láir na Danmhairge, cáipéisí Pharlaimint na Danmhairge (an Folketing) (ón mbliain pharlaiminteach 1985-1986) agus tuairimí an Ombudsman Pharlaimintigh (tar éis 1988).
Sa suíomh gréasáin tá na reachtanna is na rialacha a bhí i bhfeidhm nuair a bunaíodh an córas (sa tréimhse 1985-1989) agus na reachtanna is na rialacha uile a eisíodh ó shin.
As Danmhairgis atá gach cáipéis.
lovtidende.dk and ministerialtidende.dk
Lovtidende (“LT” dá éis seo), sin meán fógartha údaráis phoiblí na Danmhairge. Foilsítear LT ina trí chuid: A, B agus C (“LTA”, “LTB” agus “LTC” dá éis seo).
San LTA tá na reachtanna, orduithe/foraitheanta agus orduithe feidhmiúcháin uile is gá a fhóairt san LTA agus ná fuil san LTB. San LTB tá buiséad an Stáit agus achtanna leithghabhála forlíonacha. San LTC tá conarthaí srl. a cuireadh i gcrích idir Stáit.
Tá an LT á fhoilsiú i bhformáid leictreonach ón 1 Eanáir 2008.
Gach ciorclán, páipéar treorach, litir, srl. a mbeadh suim ghinearálta iontu, féadtar iad a fhoilsiú in Ministerialtidende. Níl aon fheidhm dhlí le foilsiú rialachán in Ministerialtidende.
Bíonn fáil chomhuaineach ar cháipéis ar retsinformation.dk lena fógairt san LT nó lena foilsiú in Ministerialtidende.
Príomh-acht (hovedlov), a glacadh sa Folketing agus a fuair Fomhmheas Ríoga ón rí/bhanríon.
Acht leasúcháin (ændringslov) a leasaíonn forálacha ar leith sna reachtanna reatha. Acht, a glacadh sa Folketing agus a fuair Fomhmheas Ríoga ón rí/bhanríon.
Acht comhdhlúthúcháin (lovbekendtgørelse), sin leagan comhdhlúthaithe príomh-achta mar a leasaíodh é.
Tiomsúcháin (datasammenskrivninger), a fhreagraíonn d'achtanna comhdhlúthúcháin, cé nach cáipéisí oifigiúla iad.
I mbuiséad an Stáit agus sna hachtanna leithghabhála forlíonacha, bíonn anótálacha (tekstanmærkninger), a ordaíonn rialacha substaintiúla i gcásanna áirithe. Ní bhaineann anótáil ach le bliain fhioscach an bhuiséid Stáit lena mbaineann.
Sa suíomh gréasáin tá meiteashonraí ábhartha lena ngabhann naisc chuig na cáipéisí ar ‘lovtidende.dk’.
Ordú (anordning), a eisíonn an Rialtas de bhun reachta nó chun reachtanna a chur chun feidhme.
Foreithne Ríoga (kongelig anordning) a eisíonn an rí/bhanríon. Úsáidtear de ghnáth é do theacht i bhfeidhm reachtanna a bhaineann leis an nGraonlain is leis na Scigirí.
Ordú leasúcháin (ændringsanordning), a leasaíonn ordú nó foraithne.
Ordú Tosúcháin (ikrafttrædelsesanordning), a leagann síos dáta tosaithe reachta.
Orduithe feidhmiúcháin (bekendtgørelser), a eisíonn ranna stáit nó údaráis riaracháin eile is a bhíonn i bhfeidhm ar dhaoine is ar údaráis phoiblí araon. Is gnách gur de bhun reachta a eisítear orduithe feidhmiúcháin.
Ordú feidhmiúcháin leasúcháin (ændringsbekendtgørelse), a leasaíonn ordú feidhmiúcháin.
Ordú feidhmiúcháin tosúcháin (ikrafttrædelsesanordning), a leagann síos dáta tosaithe reachta.
Ordú feidhmiúcháin idirnáisiúnta (international bekendtgørelse) a bhaineann le dlí is le ceangaltais idirnáisiúnta.
Litir oscailte (åbent brev), a sheolann an rí/bhanríon. Chun olltoghcháin a ghairm amháin a úsáidtear anois í.
Ciorclán (cirkulære), ina mbíonn rialacha ginearálta dlí is a eisíonn ranna stáit, gníomhaireachtaí ar leith, srl. agus ná bíonn dírithe ach ar údaráis phoiblí eile.
Ciorclán leasúcháin (ændringscirkulære) a leasaíonn ciorclán.
Páipéar treorach (vejledning) ina mbíonn faisnéis faoi shubstaint is faoi chúlra rialacha is faoina dtátal is a riarú. Cineál rialach atá gan feidhm dhlí is ea páipéar treorach. Ar údaráis phoiblí a bhíonn sé dírithe.
Litir (skrivelse)ina mbíonn forálacha ginearálta is moltaí neamhcheangailteacha ó údarás riaracháin amháin chuig cinneile.
Litir chiorcláin (cirkulæreskrivelse), sin litir riaracháin a dhírítear ar roinnt údarás poiblí.