Is féidir rochtain a fháil ar reachtaíocht na hÉireann trí mheán láithreáin ghréasáin leictreonaice um Leabhar Reachtanna na hÉireann (eISB) atá curtha le chéile agus coinnithe ag Oifig an Ard-Aighne.
Is féidir le húsáideoirí reachtaíocht a bhrabhsáil agus a chuardach trí mheán bunachair sonraí Leabhair Reachtanna na hÉireann ina chuimsítear;
Foilsítear na hachtanna mar nithe achtaithe. Comhdhlúthaítear réimse áirithe den dlí ó am go chéile i bhformáid achta comhdhlúite ina cheangal dlí mar shampla an tAcht Comhdhlúite Cánach Breisluacha 2010 (31/2010).
Glactar go fóill leis an leagan clóite foilsithe ag Oifig an tSoláthair mar leagan oifigiúil d'Achtanna an Oireachtais agus de na hIonstraimí Reachtúla.
Daonlathas parlaiminteach is ea Éire. Cuimsíonn an Pharlaimint Náisiúnta (Oireachtas) an tUachtarán agus dhá Theach: Dáil Éireann (Teach na nIonadaithe) agus Seanad Éireann (an Seanad) a thagann a gcuid feidhmeanna agus cumhachtaí ó Bhunreacht na hÉireann arna achtú ag na Daoine ar 1u Iúil, 1937.
I reachtaíocht cuimsítear reachtaíocht phríomha: dlí arna achtú ag an Dáil agus an Seanad agus sínithe ag an Uachtarán agus reachtaíocht tánaisteach (rialacháin, rialacha, orduithe, srl.) déanta faoi údarás Achta.
Reachtaíocht príomha: Achtanna an Oireachtais
Tá an chumhacht aonair agus eisiatach i ndáil le dlíthe a dhéanamh dílsithe san Oireachtas faoi réir oibleagáidí de chuid ballraíochta an Aontais Eorpaigh faoi mar a ndéantar foráil ina leith i mBunreacht na hÉireann.
Tosaíonn Achtanna an Oireachtais ar fad amach mar Bhillí atá ina dtograí na reachtaíochta arna dtionscain sa Dáil nó sa Seanad. Tugtar Billí Poiblí ar Bhillí a bhaineann le saoránaigh i gcoitinne agus tugtar Billí Príobháideacha orthu siúd á gcur chun cinn ag údaráis áitiúla agus comhlachtaí príobháideacha nó daoine aonair chun críocha dá gcuid féin. Tá siad seo fíorannamh agus déileáiltear leo ar bhonn nósanna imeachta ar leithligh.
Tá reachtaíocht tánaisteach, i bhfoirm Ionstraimí Reachtúla, arna rialú ag an Acht Ionstraimí Reachtúla 1947. Tá cúig príomhchineál ionstraim reachtúil ann: orduithe, rialacháin, rialacha, fodhlíthe agus scéimeanna.
Tá éagsúlacht leathan feidhmeanna ag Ionstraimí Reachtúla. Ní hé an tOireachtas a achtaíonn iad ach daoine nó comhlachtaí ar a mbronnann an Reacht cumhacht reachtach orthu i ndáil le nithe laethúla mionsonraithe ag eascairt ó fheidhmiú na reachtaíochta príomha ábhartha.
Úsáidtear Ionstraimí Reachtúla, mar shampla, chun Treoracha Eorpacha a chur chun feidhme, na laethanta a mbíonn Cúirteanna Dúiche ar leith ar bun a shainiú agus cumhachtaí na nAirí a mbronnadh. Tá údarás ag Airí Rialtais áirithe agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile Ionstraimí Reachtúla a dhéanamh ó Achtanna ar leith agus déantar na céadta ionstraimí ar bhonn bliantúil.
Is é cuspóir an Eolaire Reachtaíochta úsáideoirí de chuid Reachtanna na hÉireann a chumasú le haithint an bhfuiltear tar éis Acht ar leith a leasú nó a bhfuil curtha isteach air ar bhonn eile ó thráth a achtaithe. Tá an Eolaire Reachtaíochta curtha le chéile ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí (http://www.lawreform.ie/as-gaeilge.48.html) agus tá sé foilsithe ar láithreán gréasáin an eISB.