Faoin mbunachar sonraí náisiúnta
Cur síos
Forbraíodh an Tairseach Gréasáin
Reachtaíochta mar chuid den tionscadal N-Lex, tionscadal a cómhaonaíodh faoin gclár oibríochtúil um
chumas riaracháin a fhorbairt de chuid Chiste Sóisialta na hEorpa.
Is é is aidhm dó:
- seirbhísí lena dtugtar rochtain ar reachtaíocht don phobal a uasghrádú;
- caighdeáin náisiúnta a ailíniú le caighdeáin an Aontais Eorpaigh.
Is é an Aireacht Dlí agus Cirt a dhéanann bainistíocht air, agus i measc áiseanna an chórais tá:
- rochtain ar níos mó ná 150,000 acht rialála (idir 1989 agus an t-am i láthair, chomh maith le reachtaíocht
ábhartha ó roimh 1989)
- cuardach casta ag úsáid critéir éagsúla le chéile: an cineál achta, an bhliain, an dáta eisiúna, an dáta
foilsithe, an cineál foilseacháin, an t-údar
- torthaí cuardaigh a bheachtú de réir critéir, ar nós téarma sonrach (nó gach téarma sonrach) a bheith i dteideal
nó i gcorp doiciméid reachtaigh
- torthaí cuardaigh a thaispeáint agus iad a shórtáil de réir ábharthachta
- rochtain ar gach athrú reachtach
- athruithe ar achtanna rialála a fheiceáil
- ábhar na n-achtanna rialála a fheiceáil agus fáil amach an bhfuil siad fós i bhfeidhm
- rochtain ar leaganacha comhdhlúite d'achtanna rialála mar a bhí siad ag dátaí a shonraíonn an t-úsáideoir.
Tugtar an bunachar sonraí chun dáta gach lá, i gcomhréir le hathruithe reachtacha.
Achtanna dlí
Cuimsítear na hionstraimí dlí seo a leanas i gcreat dlí na Rómáine:
- Is é an Bunreacht dlí uachtarach na Rómáine. Rialaíonn sé struchtúr na Rómáine mar Stát
náisiúnta aonadach doroinnte, mar aon leis an ngaol idir an chumhacht feidhmiúcháin, an chumhacht reachtach agus
an chumhacht bhreithiúnach agus an caidreamh idir comhlachtaí an Stáit, saoránaigh agus daoine dlítheanacha.
- Dlíthe bunreachtúla a cheapann an chomhchumhacht – i.e. an comhthionól a thoghtar agus a thionóltar chuige
sin.
- Dlíthe orgánacha, a rialaíonn réimsí a bhfuil an-tábhacht don Stát ag baint leo, amhail
teorainneacha an Stáit, saoránacht náisiúnta, armas an Stáit agus séala an Stáit, na socruithe dlí maidir le
réadmhaoin agus oidhreacht, eagrú agus reáchtáil reifreann, cionta coiriúla, pianbhreitheanna agus na rialacha
maidir le pianbhreitheanna a chur isteach, eagrú agus feidhmiú Uaschomhairle na Máistreoireachta, na
gcúirteanna, na Seirbhíse Ionchúiseamh Poiblí agus na Cúirte Cuntas, cearta daoine a ndearna údarás poiblí
díobháil dóibh, cosaint náisiúnta, eagrú chomhlachtaí an Rialtais, páirtithe polaitiúla.
- Gnáthdhlíthe, a rialaíonn gach réimse eile nach gcumhdaítear faoi na dlíthe orgánacha. Ní
féidir dlí níos údarásaí, dlí orgánach nó an Bunreacht mar shampla, a leasú ná a athrú le gnáthdhlí.
- I gcásanna speisialta (sosanna Parlaiminte) féadfar réimsí áirithe, arna gcinneadh ag an bParlaimint, a rialáil
le horduithe rialtais, ar bhonn tarmligean reachtach. Eisítear orduithe den sórt sin ar bhonn
acht speisialta um chumhachtú, laistigh de na teorainneacha agus ar na coinníollacha atá leagtha síos san acht
sin. I gcásanna éigeandála, féadfaidh an Rialtas orduithe éigeandála a eisiúint in aon réimse má mheastar gur gá
é sin a dhéanamh.
- Cinntí Rialtais, a chinneann an chaoi a gcuirfear dlíthe chun feidhme go héifeachtach agus a
shocraíonn gnéithe éagsúla eile den chur chun feidhme a bhaineann le cúrsaí eagrúcháin.
- Achtanna reachtacha ón rialtas lárnach (orduithe agus treoracha) – ní eisítear iad ach amháin
ar bhonn dlíthe, cinntí Rialtais agus orduithe Rialtais, agus chun na dlíthe, cinntí agus orduithe sin a chur
chun feidhme.
- Achtanna na n-údarás riaracháin féinrialaitheach
- Achtanna reachtacha ó na húdaráis riaracháin áitiúla (Comhairlí Contae, Comhairlí Áitiúla,
Comhairle Ghinearálta Bhúcairist), a rialaíonn réimsí a thagann faoi inniúlacht na n-údarás áitiúil.