Cur síos
Is foilseachán oifigiúil de chuid Poblacht na hEastóine é an Riigi Teataja Iris Stáit). Cuireadh an chéad
eagrán i gcló an 27 Samhain, 1918. Aireacht Dlí agus Cirt na hEastóine a fhoilsíonn an Riigi Teatja.
Ón
mbliain 1996, tá na hachtanna a cuireadh i gcló sa Riigi Teataja ar fáil i bhfoirm leictreonach ar an idirlíon. Ón 1
Iúil 2002, foilsíodh an Riigi Teataja ar dhá bhealach – go traidisiúnta ar pháipéar agus go leictreonach ar an
Idirlíon. Foilsíodh an leagan leictreonach in éineacht leis an leagan clóite.
Ó am a cruthaíodh an eRT, tá
líon na sintiús do leagan clóite an Riigi Teataja laghdaithe 20% in aghaidh na bliana ar a mhéan, cé gur tháinig
méadú ar líon na seisiúin inár roicheadh an eRT dhá nó trí huaire. Cuireadh an chóip pháipéar dheireaneach den Riigi
Teataja i gcló an 31 Bealtaine, 2010.
Ón 1 Meitheamh 2010 agus an t-acht nua i bhfeidhm, Acht um Riggi Teataja, is é an eRT an t-aon foilseachán oifigiúil
den Riigi Teataja.
Ó 2013 ar aghaidh, beidh an eRT mar mheán ina bhfoilseofar rialacháin arna n-eisiúint
ag rialtais áitiúla. Mar sin, soláthraíonn an stát seirbhís foilseacháin d’achtanna do na rialtais
áitiúla.
Tá infhaighteacht reachtaíochta riachtanach i dtuiscint reachtaíochta, agus is é sin an chúis
gur féidir leas a bhaint as an mbunachar sonraí eRT saor in aisce. Tá sé mar cheart dlíthiúil ag gach duine
saor-úsáid a bhaint as eRT ag nach mór 600 leabharlann phoiblí agus beagnach 240 oifig rialtais áitiúil. Tá cúrsa
oiliúna críochnaithe ag leabharlannaithe agus ag oifigigh rialtais faoin tslí chun eRT a úsáid agus tá oibleagáid
orthu go dlíthiúil treoracha agus cabhair a thabhairt do dhaoine teacht ar na hachtanna riachtanacha.
Chruthaigh AS Webmedia bogearraí eRT nua in 2010. Is é Solr an bunachar sonraí agus tá an fheidhm ghréasáin bunaithe
ar Java. Coinnítear na téacsanna i bhformáid eRT, foilsítear i bhformáid HTML iad, le roinnt aguisíní i bhformáid
PDF.
Tá an rannóg “Cuardach” sa leagan leictreonach don Riigi Teataji roinnte ina ceithre chuid:
- Cuardaigh ó théascanna comhdhlúite (tá dlíthe agus Rialacháin Rialtas na Pooblachta ar fáil ó
1990, tá na téacsanna oifigiúla eile agus na téacsanna comhdhlúite forghníomhaithe eile agus dlíthe agus
rialacháin na n-airí ó 1 Meithimh, 2002).
- Cuardaigh ó théacsanna bunaidh (na téacsanna bunaidh ar fad agus na téacsanna
bunaidh/comhdhlúite a foilsíodh sa Riggi Teataja).
- Cuardaigh ar théacsanna bunaidh ó rialtas áitiúil.
- Cuardaigh ó suíomhanna gréasáin eile cosúil le EUR-Lex nó le Tairseach r-cheartais na hEorpa
srl.
Gníomhartha dlí
Is é a fhoilsiú ar théascanna comhdhlúite de gníomhartha reachtacha an difríocht is sunstasaí agus an buntáiste is mó
le eRT, i gcomparáid leis an Riggi Teataja foilsithe. Is éard atá sa théacs comhdhlúite ná acht reachtach a léiríonn
na hathruithe ar fad a rinneadh air. Dréachtaítear na téacsanna ag brath ar na téacsanna bunaith a foilsíodh sa
Riigi Teataja. Tá an chéad téacs i gcónaí mar an chéad téacs comhdhlúite freisin (téacs
bunaidh/comdhlúithe)
Tá téascanna bunaidh de na hachtanna reachtacha seo a leanas foilsithe san eRT:
Acht chomh maith le tagairt do rún Uachtarán na Poblachta ar fhógairt an Achta;
cinneadh ar reifreann;
- foraithne ó Uachtarán na Poblachta;
- Dréacht-acht agus dréacht-rún a cuireadh faoi reifreann;
- rún ó Rialtas na Poblachta, ón gCoiste Náisiúnta Toghcháin agus foraithne ó Ghobharnóir Eesti Pank (Bann na hEastóine);
- Conradh faon dlí poiblí a rinne aireacht, Roinn an Phríomh-aire agus údaráis stáit eile chun líon gan teorainn cásanna a rialú;
- breithiúnas ó Sheomra Athbhreithnithe Bhunreachta na Cúirte Uachtaraí nó ón gCúirt Uachtarach en banc,
ina bhfuil cinneadh faoi bhunreachtúlacht reachtaíochta a bhfuil feidhm ghinearálta léi is a foilsíodh sa Riigi
Teataja;
- Acht faoi thús nó faoi fhorcheannadh comhaontaithe idirnáisiúnta chomh maith le tagairt do rún Uachtarán
na Poblachta ar fhógairt an Achta;
- comhaontú idirnáisiúnta a rinneadh as Eastóinis nó a aistriúchán san Eastóinis, mura bhfuil fáil ar
théacs an chomhaontaithe idirnáisiúnta ach i dteangacha iasachta, agus teanga iasachchta amháin ar a laghadh mar
bhonn tátail. Foilseofar comhaontú idirnáisiúnta fara an Acht a phléann glacadh leis an gcomhaontú
idirnáisiúnta nó, má foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é, tagairt don chomhaontú idirnáisiúnta
agus nasc leis nó leis an ordú ó Rialtas na Poblachta inar cinneadh glacadh leis an gcomhaontú idirnáisiúnta;
- fógra de chuid an Roinn Gnóthaí Eachtracha i dtaobh teacht i bhfeidhm agus síothlú comhaontú
ididnáisiúnta agus, nuair is gá leis, eolas eile a bhaineann leis an gcomhaontú idirnaisiúnta;
- ordú ó Rialtas na Poblachta maidir le caidreamh eachtrannach;
- rún ó Uachtarán na Poblachta maidir le hionadaí taidhleoireachta a cheapadh nó a chur as oifig.
- rún, ráiteas dearbhú nó aitheasc ón Riigikogu (Parlaimint na hEastóine);
- rún agus treoir ó Uachtarán na Poblachta, ach amháin rún chun Acht a fhógairt agus chun athbhreithniú a
dhéanamh ar achomharc ar phardún ó chiontóir a ciontaíodh;
- ordú ó Rialtas na Poblachta;
- ordú ón bPríomh-Aire a bhforáiltear a fhoilsiú sa Riigi Teataja le hAcht Rialtas na Poblachta;
- treoir ó aire ar foráileadh a foilsiú sa Riigi Teataja le dlí;
- rún agus tuarascáil ó Chomhairle Rialaithe Eesti Pank faoi ghníomhaíochtaí Eesti Pank;
- rún ó Bhord an Riigikogu maidir le ball de Riigikogu a theacht i gcomharbacht ar bhall malartach den
Riigikogu agus le foirceannadh a n-údaráis, ballraíocht i gcoiste seasta den Riigikogu a fhormheas, agus
ballraíocht i bpáirtithe polaitiúla an Riigikogu a chlárú agus a fhormheas;
- cinneadh ón gCoiste Náisiúnta Toghcháin;
- fógra ón ón gCoiste Náisiúnta Toghcháin maidir le reifreann a chealú nó a chur ar athló;
- fógra maidir le Rialtas na Poblachta nó le haire a theacht in oifig;
- forbhreathnú don Riigikogu ag an bPríomh-Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, an Ard Reachtaire
Cuntais agus an Seansailéir Dlí agus Cirt;
- an buiséid, an tuarascáil ar bhainistiú agus na cuntais iniúchta bhliantúla de Chiste Árachais Sláinte na
hEastóine;
- treoirlíne do Bhord um Chaighdeáin Chuntasaíochta na hEastóine;
- fógra ó Bhord na bPóilíní Slándála a foilsíodh sa Riigi Teataja ar bhonn an Acht um an Nós Imeachta um
Dhaoine a Chlárú agus a Nochtadh a bhíodh ag fónamh do nó i gComhar le hEagrais Fhaisnéise nó Fhrithfhaisnéise
le hEagrais Slándála nó le Fórsaí Míleata Stát a d'fhorghaibh an Eastóin;
- dearbhú leasanna geilleagracha feidhmeannaigh nó fógra oifigiúil eile, ar choinníoll gur fhoráil an tAcht
in aghaidh Éillithe a bhfoilsiú sa Riigi Teataja.
Tuilleadh eolais atá foilsithe sa Riigi Teataja:
Tá téacsanna bunaidh de na hachtanna reachtacha seo a leanas foilsithe san eRT:
Gach uair a athraíthear acht reachtach, dréachtaítear téacs comhdhlúite nua agus foilsítear é leis an eolas a
bhaineann le téarmaí bailíochta an dréachta sin. Foilsítear an téacs comhdhlúite go leictreonach ag an am céanna is
a fhoilsítear an leasú nó teacht i bhfeidhm an leasaithe.