Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

about.national.db.img.tile.1.pt

Cur síos

● Is é Diário da República iris oifigiúil na Portaingéile, de bhun Airteagal 119 de Bhunreacht na Poblachta.

● Tá eagrán leictreonach Diário da República barantúil (ó 1 Iúil 2006) agus tá foilsiú na n-achtanna arna bhfeidhmiú ann bailí chun críocha dlíthiúla, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 1 de Dhlí Uimh. 74/98 an 11 Samhain, arna leasú agus arna athfhoilsiú ag Dlí Uimh. 43/2014, an 11 Iúil.

● Cuirtear Diário da República in eagar go heisiach trí mhodhanna leictreonacha ar shuíomh gréasáin https://dre.pt/ agus déanann an Oifig Náisiúnta Priontála agus Mionta é a bhainistiú agus a chur ar fáil, mar sheirbhís phoiblí chun rochtain uilíoch agus shaor a fháil ar an inneachar agus ar na feidhmiúlachtaí go léir lena mbaineann, de réir théarmaí Dhlí Foraithne Uimh. 83/2016.

Feidhmiúlachtaí

Áirítear le suíomh gréasáin an Diário da República, inter alia, na feidhmiúlachtaí a leanas:

● Téacs dlíthiúil na n-achtanna ar gá iad a fhoilsiú in Diário da República, de bhun an Bhunreachta agus an dlí, eadhon Dlí Uimh. 74/98, an 11 Samhain, arna leasú agus arna fhoilsiú le Dlí Uimh. 43/2014, an 11 Iúil; (tá na hachtanna dlí a foilsíodh sa 1ú sraith de Diário da República ar fáil ó 1910, tá na hachtanna dlí a foilsíodh sa dara sraith de Diário da República ar fáil ó 1980 agus tá na hachtanna corparáideacha a foilsíodh sa 3ú sraith, nach ann dó a thuilleadh, de Diário da República ar fáil don tréimhse idir 1943 agus 30 Meitheamh 2006, ag https://dre.pt/).

● Achoimrí míniúcháin ar dhlíthe foraithne agus ar fhorógraí rialála i bhfoclaíocht shothuigthe i bPortaingéilis agus i mBéarla.

● Uirlis chomhairliúcháin nuashonraithe ar an téacs comhdhlúite, nach mbaineann luach dlíthiúil léi, de reachtaíocht ábhartha an ordaithe dhlíthiúil (tá 1030 córas dlí comhdhlúite cheana féin).

● Stór na reachtaíochta ríoga (ó 1603 go 1910) trí sheirbhís ghréasáin don Pharlaimint.

Aistritheoir dlí ar théarmaí.

Uirlis taighde, trí bhíthin tuairisceoirí ar théarmaí, ar achtanna ar gá iad a fhoilsiú san Diário da República.

Faisnéis dhlíthiúil arna cóireáil go cuí agus í córasaithe ag foireann DIGEST Uachtaránacht Chomhairle na nAirí.

● Idirnasc le boinn earnála maidir le faisnéis dlí chomhlántach, eadhon dlí-eolaíocht: https://dre.pt/emissores-jurisprudencia, http://www.dgsi.pt/, https://dre.pt/tribunais-superiores, dlí an phobail agus treoirlínte riaracháín.

● Aithint agus naisc chuig suíomhanna gréasáin leictreonacha d’irisí oifigiúla eile Bhallstáit an Aontais Eorpaigh https://dre.pt/forum-dos-jornais-oficiais-da-uniao-europeia, https://circabc.europa.eu/webdav/CircaBC/OPOCE/ojf/Information/prod/html/index.htm (Tá Diário da República ina bhall bunaidh d’Fhóram Eorpach na nIrisí Oifigiúla https://dre.pt/historia-e-objetivos, ó Mheitheamh 2000).

● Aithint agus naisc chuig suíomhanna gréasáin leictreonacha d’irisí oifigiúla eile Fhóram Irisí Oifigiúla de Thíortha Labhartha na Portaingéilise (Tá Diário da República ina bhall bunaidh d’Fhóram Irisí Oifigiúla de Thíortha Labhartha na Portaingéilise, ó Mheán Fómhair 2004).

Feidhmiúlachtaí rochtana shaoránaigh a bhfuil riachtanais speisialta acu.

● Gach suíomh idirlín a aithint don earnáil oifigiúil nó le haghaidh poiblíocht speisialaithe ar chatagóirí áirithe achtanna faoi réir ag nochtadh éigeantach.

● Taispeántar cóid agus leabhair eile arna gcur in eagar ag an Oifig Náisiúnta Priontála agus Mionta.

Creat dlí maidir le foilsiú achtanna dlí sa Diário da República

● Cuimsíonn an iris oifigiúil Diário da República an chéad (1ú) agus an dara (2ú) sraith, i gcomhréir le hAirteagal 3 (1) de Dhlí Uimh. 43/2014 (foilsiú, aithint agus foirm achtanna dlí atá le foilsiú san iris oifigiúil) agus Airteagal 5 (1) de Dhlí Foraithne Uimh. 83/2016 (faomhtar leis rochtain uilíoch agus shaor don tseirbhís phoiblí ar an iris oifigiúil).

● Airteagal 119 (1) de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile agus Airteagal 3 (2) agus Airteagal 8 (1) de Dhlí Uimh. 43/2014 lena gcinntear an tíopeolaíocht ar achtanna dlí ar gá í a fhoilsiú sa 1ú sraith den iris oifigiúil.

● Cinntear le hAirteagal 3 (2) (h) agus (i) de Dhlí Uimh. 43/2014 agus le hAirteagal 119 (1) (g) de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile an tíopeolaíocht d’fhógraí breithiúnacha oifigiúla agus tíopeolaíocht bhreithiúnais na gcúirteanna ar gá iad a fhoilsiú sa 1ú sraith den iris oifigiúil.

● Tá an 1ú sraith de Diário da República le fáil ag an URL a leanas: https://dre.pt/web/guest/home/-/dre/calendar/normal/I.

Cuirtear an tAitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) le gach cineál achtanna atá foilsithe sa 1ú sraith de Diário da República ón 2 Eanáir 1991.

● Cinntear le hAirteagal 3 (3) de Dhlí Uimh. 43/2014, le hAirteagal 5 (2) de Dhlí Foraithne Uimh. 83/2016 agus le hAirteagail 6 (2), 7 (1), 10 (1) agus 13 (1) (a) agus 2 (b) d’Ordú Reachtach Uimh. 15/2016 (An Rialachán um Fhoilsiú Achtanna sa Diário da República) an tíopeolaíocht d’fhógraí rialtasacha oifigiúla, tíopeolaíocht d’fhógraí breithiúnacha oifigiúla agus tíopeolaíocht bhreithiúnais na gcúirteanna ar gá iad a fhoilsiú sa 2ú sraith de Diário da República.

● Tá an 2ú sraith de Diário da República le fáil ag an URL a leanas: https://dre.pt/web/guest/home/-/dre/calendar/normal/II.

● Mura bhfuil acht dlí foilsithe san Iris Oifigiúil, is intuigthe uaidh sin nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil aige, i gcomhréir le hairteagal 119 (2) agus (3) de Bhunreacht na Poblachta agus le hairteagal 158 (2)c den Chód um Nós Imeachta Riaracháin.

Na príomhachtanna reachtacha arna gcomhdhlúthú cheana le ELI ó 2 Eanáir 1991

 

Bunreacht Phoblacht na Portaingéile

Cód na Clárlainne Sibhialta

An Cód um Nós Imeachta Riaracháin

An Cód um Nós Imeachta i gCúirteanna Riaracháin

An Cód um Nós Imeachta Sibhialta

An Cód um Nós Imeachta Cánach agus Imeachtaí Cánach

An Cód um Cháin Ioncaim Chorparáidigh

An Cód um Dhíshealbhuithe

Cód Maoine Tionsclaíche

An Cód Dócmhainneachta agus Aisghabhála Corparáidí

Cód an tSaothair

An Cód um Nós Imeachta an tSaothair

Cód an Nótaire

An Cód Peannaideach

An Cód um Cháin Ioncaim Phearsanta

An Cód Soláthair Phoiblí

An Cód Úrrús

Reacht na gCúirteanna Riaracháin agus Cánach

Na príomhachtanna reachtacha comhdhlúite nach bhfuil ELI sannta dóibh (ós rud é go raibh an t-acht bunaidh foilsithe roimh an 2 Eanáir 1991)

An Cód Fógraíochta

An Cód Sibhialta

An Cód um Chuideachtaí Tráchtála

An Cód um Nós Imeachta Coiriúil

An Cód um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara

An Cód um Chlárú Talaimh