Faoin mbunachar sonraí náisiúnta

Lógó shuíomh gréasáin reachtaíochta na hOstaire “Ris”

Das Rechtsinformationssystem (RIS), http://www.ris.bka.gv.at/, sin bunachar sonraí leictreonach reachtaíochta a reáchtálann Seansailéireacht Chónaidhme na hOstaire. Is d'fhonn fógra a thabhairt faoin reachtaíocht a fhoilsítear in Iris Oifigiúil na Cónaidhme (Bundesgesetzblatt) agus faisnéis a thabhairt faoi Dhlí Phoblacht na hOstaire atá sé ann. Tá an bunachar sonraí ann ó 1986 agus ó Mheitheamh 1997 tá fáil ag an bpobal air saor in aisce.

Tugann RIS rochtain ar na téamaí seo a leanas [ach ní féidir rochtain a fháil trí N-Lex ach ar "Bundesrecht konsolidiert" (Dlí Feidearálach Comhdhlúite) agus "Bundesgesetzblatt authentisch ab 2004" (Bundesgesetzblatt, leagan údarach ó 2004 i leith)]:

Bundesgesetzblatt (BGBl, leagan údarach ó 2004 i leith agus inrochtana ar N-Lex)

San fheidhmchlár seo tá teacht ar an Bundesgesetzblatt, ina ndéantar fógra ar dhlíthe bunreachtúla, dlíthe náisiúnta, rialacháin, fógraí agus conarthaí stáit. Glacann an Pharlaimint (sin an Nationalrat, an teach íochtarach, an Bundesrat, an teach uachtarach) le reachtaíocht, nó déanann an Rialtas Feidearálach nó aire rialtais Rialachán/Fógra.

Ó 2004 ar aghaidh, is ar an suíomh RIS amháin a fhoilsítear an leagan sin den Iris atá ceangailteach de réir dlí. Is é an leagan sínithe amháin atá ceangailteach de réir dlí. Tá sé ar fáil ach gliogáil ar an deilbhín Signatur anzeigen.

Leaganacha nach bhfuil ceangailteach de réir dlí, tá siad ar fáil don tréimhse 1945 go 2003. Anuas air sin, soláthraíonn RIS naisc chuig Leabharlann Náisiúnta na hOstaire, áit a bhfuil na hirisí ó 1780 go 1940 ar fáil ar an Idirlíon.

Dlí Feidearálach comhdhlúite (inrochtana ar N-Lex)

Cuireann an feidhmchlár seo bunachar sonraí ar fáil ina bhfuil dlí na hOstaire ina iomláine, i leagan comhdhlúite (= an dlí bunaidh agus na leasuithe uile a rinneadh air i dtéacs amháin nach bhfuil ceangailteach de réir dlí). Is mar eolas amháin atá na doiciméid atá ar fáil anseo agus níl siad ceangailteach de réir dlí.

Billí aireachta (Begutachtungsentwürfe) agus Billí Rialtais (Regierungsvorlagen) ó 2004 i leith

Is féidir cuardach a dhéanamh san fheidhmchlár seo ar bhillí aireachta (Begutachtungsentwürfe) agus ar bhillí rialtais (Regierungsvorlagen) ó 2004 i leith.

Is éard is billí aireachta (Begutachtungsentwürfe) ann, dréachtionstraimí reachtacha atá dréachtaithe ag na haireachtaí. Is féidir le haireachtaí eile, le grúpaí sainleasa agus saineolaithe tuairimí a nochtadh laistigh den spriocthréimhse.

Is éard is billí rialtais (Regierungsvorlagen) ann dréachtionstraimí rialtais ar ghlac Comhairle na nAirí (Ministerrat) leo d’aon toil agus a seoladh chuig an bParlaimint le vóta a chaitheamh orthu.

Dlí comhdhlúite na gCúigí (Landesrecht)

Tugann RIS, i gcomhar le hoifigí na rialtas áitiúil, rochtain ar bhunachar sonraí ina bhfuil dlí comhdhlúite ó naoi Länder na hOstaire (Burgenland, Kärnten, An Ostair Íochtarach, An Ostair Uachtarach, Salzburg, Steiermark, Tirol, Vorarlberg agus Vín).

Parlaimint na gCúigí (Landtag) a ghlacann dlí na gcúigí, nó d’fhéadfadh gobharnóir cúige (Landeshauptmann) nó rialtas cúige (Landesregierung) dlí a rith le rialachán, agus is sa chúige sin amháin a bhíonn sé ceangailteach de réir dlí.

Irisí Dhlí na gCúigí (Landesgesetzblätter)

Tá na hirisí dlí ó na cúigí seo a leanas ar fáil: Burgenland (ó 2000), Kärnten (ó 2000), An Ostair Uachtarach (ó 1947), Salzburg (ó 2001), Steiermark (ó 1989), Tirol (ó 1995), Vorarlberg (ó 2001).

Tá dlíthe bunreachtúla cúige, dlíthe cúige, rialacháin, fógraí agus conarthaí stáit ar fáil sna Landesgesetzblätter.

Tá teacht ar Irisí dlí Vín (ó 1955 i leith), ach gliogáil ar an nasc chuig Comhairle Cathrach Vín (Magistrat der Stadt Wien).

Is féidir irisí oifigiúla cúige atá curtha i gcartlann a rochtain trí nasc chuig Leabharlann Náisiúnta na hOstaire.

Dlí Intíre (Gemeinderecht)

Tá fáil anseo ar rialacháin roghnaithe ó dhúichí bardasacha na gcúigí seo a leanas: Kärnten, An Ostair Íochtarach, Salzburg, Steiermark agus Vín.

Glactar dlí intíre trí na cumhachtaí a thugann an Bunreacht do na dúichí bardasacha (Gemeinden).

Doiciméid dhlí-eolaíochta

Tá breitheanna na gcúirteanna seo a leanas ar fáil anseo:

  • An Chúirt Bhunreachtúil (Verfassungsgerichtshof - VfGH) - Tá fáil ar chinntí ó 1980 i leith. Bíonn teacht ar bhreithiúnais lastigh de sheachtain amháin ar an meán, tar éis na páirtithe a chur ar an eolas.
  • An Chúirt Riaracháin (Verwaltungsgerichtshof - VwGH) - Tá fáil ar bhreithiúnais ó 1990 i leith.
  • Dlí-eolaíocht an Cheartais - Sa mhír seo gheobhaidh tú go príomha breithiúnais na Cúirte Uachtaraí (Oberster Gerichtshof - OGH), an chúirt is airde i ngnóthaí sibhialta agus coiriúla. Fairis sin tá breithiúnais ó chúirteanna níos ísle (cúirteanna dúiche, cúirteanna cúige, cúirteanna achomhairc) inti. Agus tugtar breithiúnais roghnaithe ó chúirteanna coigríche.
  • Breithiúnais ó Bhinsí agus ó Choimisiúin - Sa bhreis air sin, tá teacht ar bhreithiúnais ó na naoi mBinse Riaracháin Neamhspleácha (Unabhängige Verwaltungssenate - UVS), ón mBord Feidearálach um Thearmann (Unabhängiger Bundesasylsenat - UBAS), ó Bhinse an Chomhshaoil (Umweltsenat), ón mBord Feidearálach um Chumarsáid (Bundeskommunikationssenat), ó na húdaráis um Rialú Tairiscintí Oifig Fheidearálach na dTairiscintí (Bundesvergabeamt), an Coimisiún Feidearálach um Rialú Tairiscintí (Bundes-Vergabekontrollkommission), na Coimisiúin um Rialú Tairiscintí in Salzburg agus i Vín (Vergabekontrollsenate), an Bord Achomhairc (Berufungskommission), an tArdchoimisiún Araíonachta (Disziplinaroberkommission), an Coimisiún um Chosaint Sonraí (Datenschutzkommission) agus an Coimisiún um Maoirsiú ar Ionadaíocht na Foirne (Personalvertretungs-Aufsichtskommission). Anuas air sin, tá breithiúnais an Bhoird Neamhspléaigh um Cháin (Unabhängiger Finanzsenat - UFS) ar fáil trí nasc.

Foraitheanta Aireachtaí agus na hAireachta Dlí agus Cirt (BMJ)

San fheidhmchlár seo tá rogha foraitheanta a bhaineann le haireachtaí feidearálacha na hOstaire.

Is forálacha riaracháin dlíthiúla ó aireachtaí iad na foraitheanta ina dtugtar treoir shoiléir faoin tslí le dlíthe a chur i bhfeidhm.

Dlíthe na hOstaire i mBéarla (Austrian Laws)

Gheobhaidh tú rogha de dhlíthe na hOstaire atá ar fáil i mBéarla anseo.